Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Suíomh:
Baile Chláir, Co. Galway
Múinteoir:
Tomás Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0251

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0251

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0251
  3. XML “Leigheasanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an bainne le n-ól do'n fhiréad agus tugann siad an fhuighleach abhaile leo le tabhairt le n-ól do'n duine a bhfuil an truigh air.
    Deirtear go bhfuil leigheas [leigheas] ar an truich i mbainne chapaill bháin.
    Dá mbeadh scornach tinn ar dhuine ba cheart dó an sugha a bhíos san bpréimh a bhíos faoin lil do chuimilt de.
    Dá mbeadh eitinn ar dhuine is maith an leigheas an síol a bhíos ar an neanntóig do bhruith i mbainne agus é d'ól annsin.
    An sugha a bhíos sa Sponnc a bhruith agus a ól tá sé go maith i gcóir casachta nó triucha.
    Má dhóghann neanntóg lámh nó cos duine is maith an rud billeóg sráide do chuimilt go maith ar an áit.
    Faithneacha:- Má bhíonn faithne ar láímh dhuine agus má castar seilmide leis agus má chuimligheann sé an seilmide de'n fhaithne agus an seilmide do chrochadh annsin ar cheilg ar sgeich beidh an faithne ag imtheacht de réir mar bhéas an seilmide ag fagháil bháis.
    Dá mbeadh faithneacha ar dhuine agus dá ngoidfeadh sé píosa feola as teach eile agus an fheoil do chur san gcarn aoiligh, bheadh na faithneacha dá leigheas dé réir mar bheadh an fheoil ag
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge