Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Múinteoir: Tomás Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Mada beag dubh ag doras an ríogh agus ní cuirfeadh ríoghtha gad air.
Fr:- Deatach.Cím-se é agus ní fheiceann tusa é
Is giorra dhuit-se é ná dhom-sa.
Fr:- Cúl do chinn.Siúd thall ort é, ní trom leat é,
Ní ball de bhallaibh do chuirp é
Agus tá sé ort 'n-a dhiaidh sin
Fr:- T'ainm.Teachtaire beag ó theach go teach
Is bíonn sé amuigh san oidhche.
Fr:- BóíthrínTeachtaire beag ó theach go teach, Déanann sé a ghoradh ins gach teach
Agus codluigheann sé amuigh san oidhche.
Fr:- Bóithrín ag dul ó theach go teach.Sean-fhear sa gclúíd agus dhá chéad súil air.
Fr:- Pota anbhruithe.Pota ins an gcúinne agus trí mhíle súl ann?
Fr:- Pota anbhruithe.(leanann ar an chéad leathanach eile)