School: Clochar na Trócaire, Carn Domhnaigh
- Location:
- Ballylosky, Co. Donegal
- Teachers: An tSr. A. Nic Fhionnlaoich An tSr. M. Beinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)(4) LÉIGHEAS TEINE AIGHTHE:Cuimil píosa óir nó síbhin cocháin thart ar gach ball nimhneach d'a bhfuil ar an aghaidh, ag deánamh fíoghar na croise "I n-ainm an Athar agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh; teine aighthe; teine a chuir. Is lag an teine, is beo an duine; Mac Dé a chuir." Tá sin le rádh trí h-uaire; uair gach ám a chuimiltear.
(5) LÉIGHEAS FIABHRAS CROIDHE:Glac cupa min-choirce agus tarraing sgian thar bhéal an chupa go rabh an mhin cothrom le n-a bhéal. leag an cupa i gceithre h-áiteacha ar chroiceann an duine tinn, fa'n bhásta, faoi'n chroidhe agus siar fa'n druim. Deán sin trí cúrsaí. Deán fhéin agus an duine breóidhte bhur gcoisreacadh i dtoiseach agus abairigidh, "Dia i n-aghaidh na h-urchóide." Bí féin ag rádh an "Phaidear" agus an "t-Abhe Maria" fhad agus atá tú ag deánamh an léighis, agus cuir trí "Paidreacha" agus trí "h-Abhe Maria" ar an duine tinn mar bhreitheamhnas aithrighe le Dia a bheith i n-aghaidh na h-urchóide.
(6) LÉIGHEAS AINMHIDHE CAITHTE:Is minic, do réir mar a dubhairt na sean-daoiní, a chaitheann na sidheógaí ainmhidhe, cuir i gcás, bó, agus seo an dóigh a ndeántar léigheas. Tomhais an bhó ó ruball go srón le do láimh ó uilinn go barr an mhéir, agus i gcionn gach aon fhaid láimhe gearr fíoghar na croise. Annsin glac maide briste agus aibhleóg, agus cuir an aibhleóg anonn faoi bholg na bó. Bíodh duine thall agat ar an taoibh eile de'n bhoin leis an aibhleóg do chur anall chughat thar a druim. Gearr an chroch-chéasta ar an fhionnadh ar chúl-druim na bó. Cuir anonn an aibhleóg arís faoi'n bholg mar a' gcéadna, agus nuair a thugas tú(continues on next page)- Collector
- Monica Ní Chaomhnaigh
- Gender
- Female
- Address
- Glack, Co. Donegal
- Informant
- Siúr na Trócaire
- Gender
- Female
- Occupation
- Bean rialta
- Address
- Carndonagh, Co. Donegal