School: Clochar na Trócaire, Carn Domhnaigh
- Location:
- Ballylosky, Co. Donegal
- Teachers: An tSr. A. Nic Fhionnlaoich An tSr. M. Beinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1) LÉIGHEAS FAITHINNE: Glac naoi n-ailt cocháin agus deán pearsal díobh. Gearr an deicheamhadh ceann agus caith thar do ghualann dheas é. "In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spiorad Noimh, Dia in n-aghaidh na h-urchóide". Nuair a bhéidheas tú ag suibhal amuigh caith uait na h-áilt eile agus imtheóchaidh na faithinníní. An chéad duine a thógfas ceann de na h-áilt béidh na faithinníní airsean.
2) LÉIGHEAS LEÓNTA: Ma chuireann aon duine a bhfuil cnámh leónta air an cnámh sin an céad rud i láimh naoidheanáin, béidh léigheas leónta ag an leanbh sin.
Léigheas Déididh: Bhíodh órtha fa choinne an déididh mar seo:- Luigh Peadar ar leic ÍosaAgus thainig Íosa ós a chionn"Cad é sin ort, a Pheadair?""A Thighearna, m'fhiacal atá tinn""Éirigh suas, a Pheadair, agus abair go bhfuil tú slán""Chá mhinic a bhíonn órtha agus déideadh"San aon bhéal amháin".nó
3) Bhí Peadar 'n-a shuidhe ar chloich, agus thainig a Thighearna ós a chionn. "Cad é sin ort, a Pheadair?" " A Thighearna, tá m'fhiacal tinn". Éirigh suas, a Pheadair, agus bí slán; ní tusa amháin sin gach aon congbhóchas na briathra seo i gcuimhne, i scríbhinn, nó i mbriathra. I n-ainm an Tighearna. Amen."(continues on next page)- Collector
- Monica Ní Chaomhnaigh
- Gender
- Female
- Address
- Glack, Co. Donegal
- Informant
- Siúr na Trócaire
- Gender
- Female
- Occupation
- Bean rialta
- Address
- Carndonagh, Co. Donegal