School: An Sealgán (roll number 6781)
- Location:
- An Sealgán Beag, Co. Donegal
- Teacher: Rois Ní Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Sealgán
- XML Page 339
- XML “Réice Charn tSiail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí mé i mbaile na hÁite ag ceannacht bó
Bhí mé ar aonach i gCondae Aontroma ag ceannacht boc
Thug mé anuas liom fríd Chonndae an Ríogh iad,
As 'eacht ( as ucht) a ndíol agus a bheith gan tart
Ach d'ól me a luath le cailín díomhain 'mo shuidhe ar shop.
A's i Leitr Ceanainn a ruisg mé an báilidhe
Dhíol mé an cháin leo in Aonach Mór.Bíom ag gréasuightheacht ar an Óghmaigh,
Agus ag díol na mbrog ar an tSrath Bán,
Acht i mBaile Nua ní fhághaim áit chómhnuidhe
Mar bíom ag rógaireacht leis na mná
Ní thógfaidh an báilidhe bólacht mo pháisdí uaim
Mar nach bhfuil orm cáin nó cíos.'Sé deir steafógaí Chonndae an Ríogh liom,
gur beag an tiongnadh mé bheith gan spré,
Ag imirt 's ag ól ar feadh na hoidhche
Agus m'chodladh arís go deireadh an lae.ó Phroinnseas Ua Braonáin, An Sealgán, a fuair óna athair é. Tá an ionad caillte.
R Ní B- Collector
- Rois Ní Bhraonáin
- Gender
- Female
- Informant
- Proinnseas Ua Braonáin
- Gender
- Male
- Address
- An Sealgán Mór, Co. Donegal