Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)

Suíomh:
An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Rois Ní Braonáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 339

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 339

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sealgán
  2. XML Leathanach 339
  3. XML “Réice Charn tSiail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí mé i mbaile na hÁite ag ceannacht bó
    Bhí mé ar aonach i gCondae Aontroma ag ceannacht boc
    Thug mé anuas liom fríd Chonndae an Ríogh iad,
    As 'eacht ( as ucht) a ndíol agus a bheith gan tart
    Ach d'ól me a luath le cailín díomhain 'mo shuidhe ar shop.
    A's i Leitr Ceanainn a ruisg mé an báilidhe
    Dhíol mé an cháin leo in Aonach Mór.
    Bíom ag gréasuightheacht ar an Óghmaigh,
    Agus ag díol na mbrog ar an tSrath Bán,
    Acht i mBaile Nua ní fhághaim áit chómhnuidhe
    Mar bíom ag rógaireacht leis na mná
    Ní thógfaidh an báilidhe bólacht mo pháisdí uaim
    Mar nach bhfuil orm cáin nó cíos.
    'Sé deir steafógaí Chonndae an Ríogh liom,
    gur beag an tiongnadh mé bheith gan spré,
    Ag imirt 's ag ól ar feadh na hoidhche
    Agus m'chodladh arís go deireadh an lae.
    ó Phroinnseas Ua Braonáin, An Sealgán, a fuair óna athair é. Tá an ionad caillte.
    R Ní B
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Rois Ní Bhraonáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Proinnseas Ua Braonáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Sealgán Mór, Co. Dhún na nGall