School: An Sealgán (roll number 6781)

Location:
An Sealgán Beag, Co. Donegal
Teacher:
Rois Ní Braonáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1051, Page 385

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1051, Page 385

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Sealgán
  2. XML Page 385
  3. XML “An Bheannacht agus an Toirtín”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí sin ann agus is fad ó bhí, baintreabhach agus a mac amháin beo go bocht i dteach beag ceann tuigheadh. Seán a bhí ar an mhac agus bhí sé iongantach fallsa. Shuidheadh sé lá indiaidh lae ag amharc ar a mháthair ag déanamh a chuid oibre.
    Lá dá raibh an mháthair ag cuartú ádhbhar teineadh cé tháinig isteach ach cailín ón chomharsantacht. Thoisigh an mháthair ag innse don'n chailín caidé comh fallsa agus a bhí Seán. "Arú!, leig dó,' arsa an cailín" nach bhfeiuceann tú go bhfuil an bás ar iompar leis."
    Léim Seán as an luaith agus bhain crochadh as féin. " níl bás ar bith ormsa,",deir sé agus siúd amach ar an doras leis agus thug leis tuagh agus níor stad sé gur ghearr sé oiread adhmaid agus ' rinne gnoithe seachtmhaine.
    Maidin lá thar na bhárach nuair a d'éirigh sé dubhairt sé go raibh seisean a' dul a shaothrú a chodach. Rinne sise dhá thuirtin aráin agus nuair a bhí sé ag imtheacht d'fhiagruigh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Collector
    Rois Ní Bhraonáin
    Gender
    Female
    Informant
    Seán Mhac Gloinn
    Gender
    Male
    Address
    Loch Eirg, Co. Donegal