School: An Sealgán (roll number 6781)
- Location:
- An Sealgán Beag, Co. Donegal
- Teacher: Rois Ní Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Sealgán
- XML Page 322
- XML “An Dálach agus an Caisleán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Am amháin bhí Dálach ag dul a dhéanamh caisleáin agus ba mhaith leis an caisleán seo a bheith i bhfad níos deise ná caisleán ar bith dá raibh in Éirinn.
Sular thoisigh sé tháinig bean fhad leis agus dubhairt sí go gcuirfeadh sise trí shaoir fhad leis a dhéanfadh an cineál caisleáin a bhí a dhíth air ach go gcaithfeadh sé fáilte a chur rompa achan lá. Seo an fhálte:"Coiscéim chorrach ar chlochán
Coiscéim fhada ar fhéar
Siúl an chamáin réabhaidh
'Sé bhur mbeatha mar aon fhear." Tháinig na saorai agus bhí fear as Sasain aige fosda.Nuair a bhí an caisleán déanta sháith an Sasanach torr i mbárr plainnc mhóir a bhí 'na sheasamh amach os cionn an chaisleáin agus chuir sé an Dálach faoi gheasaibh an torr a tharraingt. Tháinig an síogaidhe amach agus sháith sé an torr i mbarr an phlainnc agus chuir sé an Sasanach faoi gheasa(continues on next page)- Collector
- Rois Ní Bhraonáin
- Gender
- Female