School: An Sealgán (roll number 6781)

Location:
An Sealgán Beag, Co. Donegal
Teacher:
Rois Ní Braonáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1051, Page 272

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1051, Page 272

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Sealgán
  2. XML Page 272
  3. XML “Réamhrá”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Chum Ghlóir Dé agus Onóir na hÉireann.
    A thighearna Dé le Glóir Duit Féin,
    Agus clú ar dtíre chongbhail i bhféidhm
    Bheirim iarraidh an léabhar so líonadh lá n
    De’n chuid is feárr d’a bhfuil le fághail.
    Ionnmhuin liomsa éachtrai Fhinn
    Ionnmhuin threithe Diarmoda dhuinn,
    Ionnmhuin rogáireacht Chonáin Mhaoil,
    Ionnmhuin ghaisgiacht Ghoill agus a shaoghail.
    Ionnmhuin liomhsa sgéal na Naomh
    A gceannacht a gcrógacht a gcaoimh leacht chaoin,
    A bhfurtacht a bhfhoighid agus a maitheas saoghail
    An bhuaidh a fuaras ar Dorcha agus Daol.
    Dúbhach me indiu nar chuir tuilleadh spéis,
    I sgéaltaibh an bhunaidh a d’imthigh le haois,
    Ua abh tha san a fuaras furmhór seo,
    Ach cailleadh céadthai, mo thruaighe bhocht!
    Is fada an rún so deánta agam féin,
    Seacht ndíthcheall a dheánamh le na dtabhairt arís,
    Agus a gcur i gcló agus a gcongbhail beo
    Fhad ‘s mhaireas Criocha Chuinn agus Aois.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Rois Ní Bhraonáin
    Gender
    Female