School: An Sealgán (roll number 6781)

Location:
An Sealgán Beag, Co. Donegal
Teacher:
Rois Ní Braonáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1051, Page 295

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1051, Page 295

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Sealgán
  2. XML Page 295
  3. XML “Bruíon Channain Cheann an tSléibhe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Chuir trí ingeacha Mhac Conchubhair na gCrosann cuireadh ar Fhionn agus a mílisí agus 'sé an rud a bhí sa chuireadh- cuireadh feille, agus sé an áit a raibh an dinnéar le bheith istigh in uathaigh ag áit a dtugtar Cannan Cheann a tSléibhe air.
    Tháinig Fionn agus iomlán a chuid fear ach Diarmuid Donn a bhí rud beag mall.
    Nuair a tháinig siad 'fhad leis an uathaigh casadh orra na triúr ningeanach a chuir fearadh na fáilte rompa agus thug isteach iad agus d'iarr orra suidhe síos. B'é an uathaigh an áit a ba deise a bhfacaigh siad ariamh. Bhí dhá chineal éadaigh mullach a chéile ar an urlár faoina gcosaibh, agus línín shíoda ina mhullach sin.
    Bhí an cosamhlacht dinnéara a ba mhó agus ab fhearr a bhfacthas ariamh dá dhéanamh réidh ag dhá chócaire dhéag i gcultachaibh gheala bhána thart fán tinidh agus sé an áit a raibh an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Rois Ní Bhraonáin
    Gender
    Female
    Informant
    Prionnseas Ua Braonáin
    Gender
    Male
    Address
    An Sealgán Mór, Co. Donegal