School: An Sealgán (roll number 6781)
- Location:
- An Sealgán Beag, Co. Donegal
- Teacher: Rois Ní Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Sealgán
- XML Page 300
- XML “Scéal Eile Fiannaíochta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Scéal Eile Fiannaidheachta
Lá amháin bhí Fionn Mac Cumhaill amuigh ag seilg agus Conán Maol agus Diarmuid Ó Duibhne leis.Tháinig ceo orra agus shíl siad go mbeadh siad amuigh go maidin nuair a chonaic siad solas giota beag uathu agus tharraing air. Nuair a tháinig siad fhad leis an chaisleán chuaigh siad isteach. Bhí seanduine lom liath istigh agus d'éirigh sé agus chuir fáilte rompu, achan fhear ina ainm agus a shloinneadh.
Bhí an-iongantas orra caidé'n dóigh a d'aithin an seanduine iad. Bhí cailín óg sgéimhiúil ins an chaislean fosda agus d'éirigh sise agus chuir céad fáilte rompu- achan fhear ina ainm agus a shloinneadh. Chuir sin tuilleadh iongantais orra uilig.
Bhí créatúr beag áireachtach istigh fosta 'na shuidhe ag an teinidh agus d'éirigh seisean agus chuir seisean céad fáilte rompa - achan fhear ina ainm agus a shloinneadh. Bhí an-iongantas go deo orra uilig caidé'n dóigh a d'aithin an créatur sin iad.
Shuidh siad thart ag comhrádh(continues on next page)- Collector
- Rois Ní Bhraonáin
- Gender
- Female
- Informant
- Proinnseas Ua Braonáin
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Address
- An Sealgán Mór, Co. Donegal