School: An Sealgán (roll number 6781)

Location:
An Sealgán Beag, Co. Donegal
Teacher:
Rois Ní Braonáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1051, Page 314

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1051, Page 314

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Sealgán
  2. XML Page 314
  3. XML “Scéal an Tairbh Bhric”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí rí agus bainrioghan ann uair amháin agus tháinig ar an mhnaoi go bhfuair sí bás. Phós an rí arís. Bhí mac amháin aige leis an chéad mhnaoi agus bhí triúr inghean aige leis an darna mhnaoi. Bhí sí ag tabhairt togha gach bidh agus dighe dó a cuid inghean ach ní raibh sí ach ag tabhairt lighe na leice do'n ghasúr.
    'Sí'n obair a bhí ag an ghasúr buachailleacht bó agus bhí tarbh breac fríd na buaibh a bheireadh tráth bidh achan lá do'n ghasúr. Sin a' rud a bhí a' tabhairt bisiú comh maith agus bhí sé.
    Shonnruigh an leasmháthair seo agus chuaidh sí fhad le Sean Dall Glic. 'Sé'n comhairle a thug an Dall di na triúr inghean a chur amach ar a seal a' buachailleacht le cuidiú leis go bhfeicfeadh siad caidé'n rud a bhí an gasúr ag fághail. Chuir sí amach an inghean a ba shine an chéad lá lena choimhead, acht ní críonna an cat nó an coimheadach. D'aithinn an gasúr go raibh sí da choimhead agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    Language
    Irish
    Collector
    Rois Ní Bhraonáin
    Gender
    Female
    Informant
    Conn Ua Dochartaigh
    Gender
    Male
    Address
    An Bheathaidh Mhór, Co. Donegal
    Informant
    Máire Bean Ua Braonáin
    Gender
    Female
    Address
    An Sealgán Mór, Co. Donegal