An Cat: Nuair a bhíos an cat na shuidhe cois na teineadh agus é ag nigheadh a aghaidh, sin comhartha go bhfuil an doinean comhgarach. Comhartha gaoithe móire, an cat a bheith ag sgriobadh clarthaí agus comhartha sneachta é bheith na shuidhe agus a thomhain le teinidh.
An Madadh: Comhartha aimsire olca an madadh a fheiceáil ag ithe féir.
Na Cearca: Comhartha fearthna na cearca a fheiceáil cruinn i gcnap amháin agus iad ag piceadh a gcuid cluimhrigh.
Na Caoraí: Comhartha aimsire olca na caoraí bheith ag ísleadh ar na cnuic agus comhartha aimsire maithe iad a fheiceáil ag ardughadh.
(continues on next page)