School: Lochmuice (roll number 16556)

Location:
Loch Muc, Co. Donegal
Teacher:
Áine M. Ní Fhuathaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 23

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 23

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Lochmuice
  2. XML Page 23
  3. XML “Carraig an Mhonamair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Rann a bhíodh ag fear-siubhail is dóiche. Fuair mé ó Bhean Bheárnaí Longáin i Sráith an Arbhair é agus chuala sí ag Paidí Maolúin as Mín an Dubháin é nuair a bhí sí óg. Tá sí 60 bliadhain nó mar sin anois.
    Go mbeannuighidh Dia, Muire, Pádruig, Eoghan Báiste agus Colm Cille faoi chlúdhaire bheannuighthe an toighe seo. Tá mise ag teacht leis an trí gártha a b'fhearr a bhí i mbaile na in aon áit ariamh - mar atá - na gártha guidhe, na gártha beannachta agus na gártha paidreacha le bheith ag guidhe orainn ag an lic sin Donnchaidh, an áit a mbíonn na crainn críonna ar maidin agus an t-ubhall glas tráthnóna; le mbur dtubaiste a chur ar Bhórd Tighe na mBocht. Reilipe an dá chois, reilipe am chaibín chaim, ar mhór-ní thé, a shean-luibear agus Carraig a' Mhonamair.
    Ach 'sé chuir mise ag iarraidh na déirce seo ó thús, cailín a dtug mé grádh íseal árd, sgolaganta fada dubh buidhe, minircín ar a dá chois, béim-leathraigh ar a ladhaire agus milleadh bróige ar a gcoróin. Sgoith ruball uirthe mar bhéadh ar ghréasuidhe, ar fhigheadóir, nó ar (fhear) chóiste. Dúil mhór i dteinidh, i dtochas, agus i ngearr-glalúmhnaigh tobaco.
    Lean mo chúis í go tabharthú ar na Mhaimirigh,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. the beggars' litany (~23)
    Language
    Irish
    Collector
    Áine M. Ní Fhuathaigh
    Gender
    Female
    Informant
    Bean Bheárnaí Longáin
    Gender
    Female
    Age
    c. 60