School: Lougheraherk (roll number 12118)
- Location:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Ceannfhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lougheraherk
- XML Page 181
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí Muire agus a Mac amuigh ag cruinniú déirce lá amháin. Bhí siad ag siubhal leó agus fa dheireadh tháinig siad fhad le teach beag. Chuaidh siad isteach ann agus d'iarr siad lóistín.”
(continued from previous page)Nuair a tháinig siad isteach d’iarr sé ortha dhul amach agus an bhó a bhlighe. Dubhairt an seanduine nach dtiocfadh leobhtha nó nach rabh inntí ach bearrach. Go díreach, le bheith umhal, chuaidh siad amach agus bligh siad lán stópa de bhainne.
Annsin nuair a chuaidh siad a luighe, thoisigh an ghaoth-mhór, agus tairneach agus splanncacha agus shaoil siad gur dhual de’n teach tuitin ortha agus nach mbéadh siad beo ar maidin. Nuair a d’éirigh an seanduine amach ar maidin ní rabh cloch ar bun cloiche san áit a rabh an caisleán nach rabh leagtha go dtí’n dubhsraith.
“Ó” arsa’n seanduine, “tá mo ghnoithe dheánta. Iad-san a bhí ag coinneáil dóigh bheó orainne annseo agus tá siad féin ar shiubhal anois agus mar sin de, caithfidh muid-inne a dhul amach a’ chruinniughadh ár gcodach”.
“Bhal” arsa Muire, “bhí siadsan comh bocht libh-se nuair a bhí sinne thart an iarraidh dheireannach agus dubhairt muid-inne go mbéadh siad ag éirighe níos saidhbhre gach lá agus nuair a tháinig sinne thart i mbiadhna ní(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Ceannfhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Pádraig Ua Dochartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Address
- Cill Fhathnaid, Co. Donegal