School: Lougheraherk (roll number 12118)
- Location:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Ceannfhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lougheraherk
- XML Page 124
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí bean aige. Fuair an bhean bás agus d'fhág sí dílleachta gasúir in a diaidh. Ní dheachaidh bliadhain thart gur phós an baintreacht ath-uair...”
“Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí bean aige. Fuair an bhean bás agus d'fhág sí dílleachta gasúir in a diaidh. Ní dheachaidh bliadhain thart gur phós an baintreabhach ath-uair.
Bhí go maith a’s ní rabh go h-olc gur éirigh clann na mná eile aniós, agus mar is gnáthach, chá rabh an leas-mháthair maith nó cinealta do’n dílleachta. Bhéarfadh sí air an t-uathbhas oibre a dheánamh agus ins an am céadna ag spárail a cuid páisdí fhéin. Nuair ba mhian leithe rud ar bith a fhághail deánta, sínfeadh sí a méar fhad leis an dílleachta sin an dóigh ar ghnáthach léithi an t-órdú a thabhairt dó.
Choinniughadh sí géacha agus am éigin acha’n oidhche shinfeadh an leas-mháthair a méar fhad leis an dílleachta ag tabhairt le fios dó go rabh an t-am aige ann na géacha a chruinniughadh agus iad a chur isteach sa chró.
Ach le sgéal fada a dheánamh goirid, ba ghoirid an saoghal a thug an dara bean léithi ach oiread agus tháinig an lá nuair a fuair sí bás. An oidhche chéadna sin chan an dílleachta an rann seo a leanas:
“A ghioll’ udaidh a shíneas a mhéar
Cuir fhéin na geacha ‘nocht isteach,
Cé gur beag an deifir atá eadar indiú a’s indé
Is goirid a bhíos toil Dé ag teacht.”- Collector
- Máire Nic Ceannfhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Mac Niallghuis
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Dún Allt, Co. Donegal