Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)
- Suíomh:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
- Múinteoir: Máire Nic Ceannfhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lougheraherk
- XML Leathanach 126
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bean a chuaidh 'un t-siopa uair amháin ag iarraidh céad mine buidhe ar cáirde. Bhi fear an t-siopa eadar comhairleacha caidé ba cheart do a dhéanamh...”
Bean a chuaidh 'un t-siopa uair amháin ag iarraidh céad mine buidhe ar cáirde. Bhi fear an t-siopa eadar comhairleacha caidé ba cheart do a dheánamh nó tcídhtear do nach rabh morán eadar lámha aici. Ach in a dhiaidh sin ‘s uilig ba bhocht leis í a eiteadh agus d’fiafruigh sé díthe an rabh baramhail ar bith aicí cia’n uair a bhéadh sí i n-innibh luach na mine a íoc.
D’freagar sí fear an t-siopa ag rádh:
“Reath an mhuc ‘mo dhiaidh
A’s chuir sí cogar in mo chluais,
Má gheibh tusa an mhin
Díolfaidh mise an luach”.- Bailitheoir
- Máire Nic Ceannfhaola
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Níc g Ceannfhaele
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 88
- Seoladh
- Cill Fhathnaid, Co. Donegal