Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)

Suíomh:
Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire Nic Ceannfhaola
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 199

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 199

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lougheraherk
  2. XML Leathanach 199
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí fear ann fad ó shoin agus phós sé bean. Ní rabh an bhean seo aige ach bliadhain go bhfuair sí bás agus d'fhág sí páiste giorrsaighe in a diaidh.

    Bhí fear ann fad ó shoin agus phós sé bean. Ní rabh an bhean seo aige ach bliadhain go bhfuair sí bás agus d'fhág sí páiste giorrsaighe in a diaidh. Bliadhain a d’fhan an bhaintreabhach diomhaoin gur phós sé arais agus bhí an dara bean go h-an olc do’n dilleachta giorrsaighe. Ní rabh sí a tabhairt a ceart bidh dithe mar bhí sí ag tabhairt dá cuid páisdí féin agus nuair a d’éirigh sí mór láidir ionas go rabh sí i n-innibh a dhul a dh’obair, díbriughadh sí ‘na chnuic í ag bhuachailleacht eallaigh. Bhí caora dhubh ag siubhal le caoirigh a h-athara sa chnoc agus thigeadh sí ‘ach uile lá fhad leis an dílleachta agus spréidheadh sí éadach geal ag na taoibh, a’s tigeadh an uile chineál bidh ar an éadach sedo go dtí go n-itheadh an ghiorrsach a sáith. D’imthigheadh an chaora leis an éadach annsin fríd na caoirigh eile a bhí ar an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic Ceannfhaola
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Pádraig Mac Giolla Easbuig
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Mín na Saileach, Co. Dhún na nGall