Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)

Suíomh:
Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire Nic Ceannfhaola
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 125

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 125

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lougheraherk
  2. XML Leathanach 125
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí beirt phóitear ann aon uair amháin agus ba iad an bheirt a ba mhiothfuara dá shiubhal ar thalamh ariamh. Casadh ar a chéile iad...

    Séan Mac Niallghuis, Dúnált, Gleanncholuimcille

    Bhí beirt phóitear ann aon uair amháin agus ba iad an bheirt a ba mhiothfuara dá shiubhal ar thalamh ariamh.Casadh ar a chéile iad lá amháin agus dubhairt duine aca leis anduine eile :
    "Ceist agam ort a's fuisgail í ."
    "Ce aca againn is deise nó is áluinne graoidhe? Tá duine again brocach as an duine eile meanntach buidh. Bhéarfadh sinn sgainnil do'n phobal a shiubhal sinn fríd'.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Chuaidh fear an an t-sliabh go h-Árd-a'-Rátha uair éigin ag cheannacht mine. Bhí mála follamh ar iomchar leis faoin n-ascall. Chuaidh sé isteach i siopa..

    Chuaidh fear as an t-sliabh go h-Árd-a'-Rátha uair éigin ag cheannacht mine. Bhí mála follamh ar iomchar leis faoi n’ascall. Chuaidh sé isteach i siopa. Tharla go rabh sgathán an-mhór sa t-siopa seo. Chonnaic sé a scáile sa sgathán agus arsa seisean; “Do réir mo bharamhla tá tusa ar a’ t-siubhal céadna ar a bhfuil mé fhéin”.
    Níor tugadh a’n toradh air. Labhair sé arais : “Mé rádh gur creidim gur min atá a dhioghbhail ort-sa fosda”. Níor tugadh an toradh air an iarraidh seo ach oiread.
    Thionntuigh sé ar fhear an t-siopa agus arsa seisean, “An balbhán atá ‘san fhear thall?”
    “Ó seadh! Arsa fear an t-siopa”.
    “Bhí mé fhéin ag sinaoitiú nó labhair mé leis dhá uair agus ní thug sé an toradh orm”.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic Ceannfhaola
    Faisnéiseoir
    Seán Mac Niallghuis
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    Dún Allt, Co. Dhún na nGall