Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)
- Suíomh:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Ceannfhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lougheraherk
- XML Leathanach 125
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí beirt phóitear ann aon uair amháin agus ba iad an bheirt a ba mhiothfuara dá shiubhal ar thalamh ariamh. Casadh ar a chéile iad...”
Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.- Bailitheoir
- Máire Nic Ceannfhaola
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Niallghuis
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Dún Allt, Co. Dhún na nGall
(gan teideal)
“Chuaidh fear an an t-sliabh go h-Árd-a'-Rátha uair éigin ag cheannacht mine. Bhí mála follamh ar iomchar leis faoin n-ascall. Chuaidh sé isteach i siopa..”
Chuaidh fear as an t-sliabh go h-Árd-a'-Rátha uair éigin ag cheannacht mine. Bhí mála follamh ar iomchar leis faoi n’ascall. Chuaidh sé isteach i siopa. Tharla go rabh sgathán an-mhór sa t-siopa seo. Chonnaic sé a scáile sa sgathán agus arsa seisean; “Do réir mo bharamhla tá tusa ar a’ t-siubhal céadna ar a bhfuil mé fhéin”.
Níor tugadh a’n toradh air. Labhair sé arais : “Mé rádh gur creidim gur min atá a dhioghbhail ort-sa fosda”. Níor tugadh an toradh air an iarraidh seo ach oiread.
Thionntuigh sé ar fhear an t-siopa agus arsa seisean, “An balbhán atá ‘san fhear thall?”
“Ó seadh! Arsa fear an t-siopa”.
“Bhí mé fhéin ag sinaoitiú nó labhair mé leis dhá uair agus ní thug sé an toradh orm”.