Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)
- Suíomh:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
- Múinteoir: Máire Nic Ceannfhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lougheraherk
- XML Leathanach 180
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí Muire agus a Mac amuigh ag cruinniú déirce lá amháin. Bhí siad ag siubhal leó agus fa dheireadh tháinig siad fhad le teach beag. Chuaidh siad isteach ann agus d'iarr siad lóistín.”
(ar lean ón leathanach roimhe)ag doras an chaisleáin. Tháinig an bhean fhad leis an dorás agus dubhairt nach dtiochfadh leóbhtha iad a choinneáil, go rabh siad ró-bhocht agus go rabh lán bharraidheacht uaisle ag teacht fá’n teach. Thionntuigh siad amach arís go buadhartha brónach agus chuaidh siad fhad leis an teach a rabh an t-seanbhean agus an seanduine ann. D’iarr siad lóistín agus dubhairt siad go gcoinneóchadh siad iad go maidin. Nuair a bhí siad ‘na suidhe thart fá’n teinidh d’fhiafruigh Muire dóbhtha an rabh a’n phréata aca. Dubhairt an seanduine nach rabh a’n phréata aca ach an méid a chur siad indé.
“Bhal” arsa’n leanbh, “gabh amach agus bain na préataí [ura]?.
“Ó; ní thiocfadh liom”, arsa’n seanduine, agus gan mé ach dá gcur indé”
Leis an umhlaidheachta a dheánamh chuaidh siad amach agus bhain siad na préataí i bfheárr a baineadh ar an bhaile sin ariamh nó ó shoin agus ní bhainfear a leithéid go bráth arís.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Ceannfhaola
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ua Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Seoladh
- Cill Fhathnaid, Co. Donegal