Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)
- Suíomh:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Ceannfhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lougheraherk
- XML Leathanach 181
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí Muire agus a Mac amuigh ag cruinniú déirce lá amháin. Bhí siad ag siubhal leó agus fa dheireadh tháinig siad fhad le teach beag. Chuaidh siad isteach ann agus d'iarr siad lóistín.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a tháinig siad isteach d’iarr sé ortha dhul amach agus an bhó a bhlighe. Dubhairt an seanduine nach dtiocfadh leobhtha nó nach rabh inntí ach bearrach. Go díreach, le bheith umhal, chuaidh siad amach agus bligh siad lán stópa de bhainne.
Annsin nuair a chuaidh siad a luighe, thoisigh an ghaoth-mhór, agus tairneach agus splanncacha agus shaoil siad gur dhual de’n teach tuitin ortha agus nach mbéadh siad beo ar maidin. Nuair a d’éirigh an seanduine amach ar maidin ní rabh cloch ar bun cloiche san áit a rabh an caisleán nach rabh leagtha go dtí’n dubhsraith.
“Ó” arsa’n seanduine, “tá mo ghnoithe dheánta. Iad-san a bhí ag coinneáil dóigh bheó orainne annseo agus tá siad féin ar shiubhal anois agus mar sin de, caithfidh muid-inne a dhul amach a’ chruinniughadh ár gcodach”.
“Bhal” arsa Muire, “bhí siadsan comh bocht libh-se nuair a bhí sinne thart an iarraidh dheireannach agus dubhairt muid-inne go mbéadh siad ag éirighe níos saidhbhre gach lá agus nuair a tháinig sinne thart i mbiadhna ní(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Ceannfhaola
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ua Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Seoladh
- Cill Fhathnaid, Co. Dhún na nGall