School: Lougheraherk (roll number 12118)

Location:
Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
Teacher:
Máire Nic Ceannfhaola
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 229

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 229

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Lougheraherk
  2. XML Page 229
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí sean bhean ann aon uair amháin agus is fad ó bhí. Bhí sí ag sguabadh urlár a' tighe lá amháin agus is cosamhail go bhfuair sí reul ins an t-salachar.

    Bhí sean bhean ann aon uair amháin agus is fad ó bhí. Bhí sí ag sguabadh urlár a' tighe lá amháin agus is cosamhail go bhfuair sí reul ins an t-salachar. Thoisigh sí ag machtnamh agus ag smaoitiughadh caidé ba choír díthe a dheánamh leis an reul. Sa deireadh ar sise, “Rachaidh mé go dtí an margadh ag ceannóchaidh mé muc. Ach cibé ar bith chuaidh sí go dtí an margadh agus cheannuigh sí muc. Nuair a bhí sí ag teacht abhaile b’ éigean dí dul trasna ar chlóchán, ach ní rachadh an mhuc thar an chlochán léithe agus ní rabh fhios aicí caidé dheánfadh sí.
    D’imtigh sí léithe gur casadh madadh oirthi, labhair sí leis an mhadadh agus dubhairt: “A mhadaidh”, ar sise, bain greim as an mhuic, ní rachaidh sí thar an chlochán damh agus ní thig liom a dhul
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT2030: The Old Woman and her Pig
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Nic Ceannfhaola
    Gender
    Female
    Informant
    Anna de Búrc
    Gender
    Female
    Age
    60
    Address
    Cruach an Chuilinn, Co. Donegal