School: Lougheraherk (roll number 12118)
- Location:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Ceannfhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lougheraherk
- XML Page 183
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí sin ann agus is fad ó bhí. Bhí beirt fhear ann aon uair amháin ar b'ainm dóibh Murchadh Beag agus Murchadh Mór. Lá amháin chuir Murchadh Beag fearg ar Mhurchadh Mór...”
Bhí sin ann agus is fad ó bhí. Bhí beirt fhear ann aon uair amháin ar b’ainm dóibh Murchadh Beag agus Murchadh Mór. Lá amháin chuir Murchadh Beag fearg ar Mhurchadh Mhór agus caidé rinne Murchadh Mór ach dearg sé bior iarainn sa teinidh agus dhóigh sé an dá shúil amach as Murchadh Beag. Annsin chaith sé isteach i mála é agus d’iomchar sé leis é agus chaith sé isteach i gcill é.
An oidhche cheanann chéadna sin chruinnigh na cait Fiadhaine isteach agus thoisigh siad a d’innse sgéal. Bhí sean chat liath bán ann agus thoisigh sé d’innse sgéil. Nuair a bhí mise mo phisín bhí mé ‘mo chomhnuidhe i dteach an Riogh. Lá amháin nuair a thoisigh mé a dh’ól an bhainne tháinig fear isteach agus bhuail sé mé le fód mónadh. Leig mise trí ribe de mo chuid fionnaidh isteach sa bhainne, d’ól inghean an Riogh é agus tá sí tinn ó shoin. Níl rud(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Ceannfhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Pádraig Ua Dochartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Address
- Cill Fhathnaid, Co. Donegal