School: Lougheraherk (roll number 12118)
- Location:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Ceannfhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lougheraherk
- XML Page 210
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí sin ann agus is fad ó bhí. Bhí cailín ann aon uair amháin agus bhí beirt bhuachaillí ag suirridh léithe. Is cosamhail go dtigeadh buachaill aca ar cuairt chuici go h-an mhinic ach chá dtigeadh an buachaill eile ach go h-annamh.”
Bhí sin ann agus is fad ó bhí. Bhí cailín ann aon uair amháin agus bhí beirt bhuachaillí ag suirridh léithe. Is cosamhail go dtigeadh buachaill aca ar cuairt chuici go h-an mhinic ach chá dtigeadh an buachaill eile ach go h-annamh.
Tharla uair eigín go rabh siad araon i láthair an oidhche chéadna agus ar a theacht dóbhtha chuir sise fearadh na fáilte rompa. D’ullmhuigh sí féasta fa n-a gcoinne agus ní magadh nach rabh oidhche shubhailceach aca. Ach sul ma rabh deireadh leis an fhéasta labhair duine de na buachailli agus dubhairt; “ó tharla go bhfuil sinn araon i láthair caithfidh tú innse dúinn ciacu againn is feárr leat nó an bhfuil gean níos mó agat ar dhuine againn thar an duine eile. Ní féidir go bhfuil sinn araon mar an ionann”.
Bhí sise ar tí an cupa a thógail(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Ceannfhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Máire Níc g Ceannfhaele
- Gender
- Female
- Age
- 88
- Address
- Cill Fhathnaid, Co. Donegal