Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)

Suíomh:
Killeeshal, Co. Waterford
Múinteoir:
Seán Ó Conaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 98

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 98

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Leathanach 98
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí sean-aithne agam ar shaighdiúir a chaith os cionn fiche bliadhain i n-arm.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    nach á mholadh a bhí. D'éirigh taom feirge chun Sheáin an tSaighdiúra. D'Fair sé an sagart agus dhein saghas oirchillidheachta air. Ag tiomáint a bhí an sagart nuair do léim Seán amach air. "Wo, pony" arsa Seán " I want to speak to your master". Tháinigh scáth ar an sagart roimh mar fear mór fiadhain stuacánach a bheadh Seán. Canónach a bhí sa sagart. Bheir an saighdiúr greim ar an gcapall agus labhair go fíochmhar mar seo :- "Well, Rifle - D - why did you spake and blaspheme my name from the altar?" "Oh Mr. Farrell I never did such a thing. I never mentioned your name". "Well, a Moige, if you didn't, you spelled it. Don't do any more spellin'. Forward, pony".
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Tá deirbhshiúr liom atá slánuigthe aici 65 bliadhain.

    Tá deirbhshiúr liom atá slánuigthe aici 65 bliadhain. Is í a máthair-críona do thóg ó gur tháinis an t-am chun í chur ar scoil, sé sin le rá go raibh sé bliaina caite aici. Ní raibh focal Béarla ag an tsean-mhnaoi agus da ndóigh bhí an leanbh comh dall léi. Cuireadh ansan chun a máthar í chun oileamhaint an Bhéarla do chur inti i gcóir scoile.
    Sar a dheineadh so chuaidh an tsean-bhean ar chuaird chun tighe feirmeora. Ag bualadh isteach an mhacha dóibh bhí greim ar an tsean-mnaoi ar láimh an leanbh. Sa mhaca bhí cráin-muice a bhí trom i mbanbí. Chonaic an leanbh agus scread sí ar a shean-mháthair "A mham, is gairid go mbeidh banbhí ag an gcráin". "Mhuise a mhaoineach" arsa an tsean-bhean " conas tá fhios san agat?". "Ó féach, a mhamaí, féach an tuitim atá aici".
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Conaire
    Inscne
    Fireann