Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)

Suíomh:
Killeeshal, Co. Waterford
Múinteoir:
Seán Ó Conaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 184

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 184

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Leathanach 184
  3. XML “Ráite”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Is fuath liom bagún gan arán
    Is fuath liom uchlán gan adhbhar
    Is fuath liom fleascach gan leanán
    Is fuath liom scoláire gan leabhar
    Ní gloine go grian ar neamh
    Ní torann trean go tórnach
    Ní h-anfadh go gaoth andeas
    Ní h-anarcadh go h-éitheach
    Ní h-olc an beart go mba feall
    Ní bocht go mba dul go h-Ifreann
    Ní aois go moladh bréige
    Ní daoi go mná droch-mhéinne

    Golairt is gáire ós cionn chláir éaga. Seo beirt bhan ós cionn chláir, duine aca ag moladh chun amas do thabhairt do'n duine eile an té ar lár do cháineadh.
    Nach minic a thóg tú mo thuisc
    Ní le síoda ná le murslion
    Ach le draoighneach trom na coille
    Tugtá dham sa mhullach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Conaire
    Inscne
    Fireann