School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)

Location:
Killeeshal, Co. Waterford
Teacher:
Seán Ó Conaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 101

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 101

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Page 101
  3. XML “Carraig na Baidhbhe nó Cathaoir na Baidhbhe”
  4. XML “Carraig an tSinnsir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. I gceanntar Bhaile-na-Íochtarach, ar bóthar na h-abhann, idir Sráid-a-Mhuillinn agus Muillean-a-Choirce, agus ag cor an bhóthair, tá dhá charraig mhóra de chloich-aoil, ceann acu i na suidhe ar an gceann eile agus iad i bhfuirm cathaoireach. Tá na suidheamh ar árd ós cionn an bhóthair. Deirtí go bhfeictí an bhadbh i bhFuirm iná breágh dathamhail; gruaigh fhada de dath an óir síos go sála airthi; í na suidhe ar an gcathaoir so agus í ag cíoradh a cinn.
    Sin é sgéal sean-dhreama na h-áite atá anois ar an t-síorruidheacht leis na ciantaibh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Location
    Ballynaguilkee Lower, Co. Waterford
    Collector
    Seán Ó Conaire
    Gender
    Male
  2. I nghairid do'n áit cheudna, ar an mbóther ceudna, tá carraig mhór árd i bhFeirm Faille agus is dócha 60 troig in aoirde agus glaodhtar Carraig-an-Fhionnsir uirthi. Thar brígh na h-aithne féin ní bhfuaras aon mhíniughadh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.