School: Dubhthuama (roll number 14193)
- Location:
- Dumha Thuama, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Mac Támhais
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhthuama
- XML Page 112
- XML “Féilí na Bliana”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag éirghe asta anois.
Lá Bealtaine:-Ní dhíolann siad aon bhainne an lá seo. Már bhfuil bainne agat ní mór dhuit do chuid fhagháil an lá roimh Lá Bealtaine. Bhiodh daoine ann a mbiodh sé ar a gcumas bainne agus im a thabhairt ó n-a gcomhursanaibh agus is ar Lá Bealtaine a dhéanadh siad é.
Lá'l Sin SeóinBíonn teinte cnáimh ag an aos óg. Deir gach duine paidreacha agus é ag dul thart timcheall na teineadh. Fadó thóigeadh gach duine aithiní leis agus chaitheadh sé isteach sa gcur íad ionnus go mbeadh barranna maithe aige acht ní dhéantar anois é. Bhiodh greann mór fadó aca ag na teinte cnáimh: Bhiodh an teine ar áit comthrom árd. Bhiodh na cailíni agus na buachailli ag damhsadh agus ag rádh amhrán agus na gasúra ag léimneach thar an teinidh nó ag déanamh pléráca eicínt eile. Táthar ag éirighe neamh-shuimeamhail san gnó seo anois agus ní bhéidh sé i bhfad go mbéidh deireadh leis an nós.
Lá'l Muire:Bíonn aonach mór i mBéal a Mhuithrid an lá sin, agus bíonn plód mór daoine ann. Ní ar thairbhe an aonaigh agus gnó acht ar thairbhe an spoirt. "Lá an Logha" a tugtar ar an lá annseo. Tá leacht nó carnán cloch ar bharr an chnuic i gCnoc a' Logha agius déanann na mná turas go dtí é an lá sin. Deanann go leor eile turas go dtí an tobar beannuighthe atá ag Carn atá ar leith-inis(continues on next page)- Collector
- Micheál Mac Thámhais
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir