Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)

Suíomh:
Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Mac Támhais
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 112

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 112

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dubhthuama
  2. XML Leathanach 112
  3. XML “Féilí na Bliana”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ag éirghe asta anois.

    Lá Bealtaine:-
    Ní dhíolann siad aon bhainne an lá seo. Már bhfuil bainne agat ní mór dhuit do chuid fhagháil an lá roimh Lá Bealtaine. Bhiodh daoine ann a mbiodh sé ar a gcumas bainne agus im a thabhairt ó n-a gcomhursanaibh agus is ar Lá Bealtaine a dhéanadh siad é.

    Lá'l Sin Seóin
    Bíonn teinte cnáimh ag an aos óg. Deir gach duine paidreacha agus é ag dul thart timcheall na teineadh. Fadó thóigeadh gach duine aithiní leis agus chaitheadh sé isteach sa gcur íad ionnus go mbeadh barranna maithe aige acht ní dhéantar anois é. Bhiodh greann mór fadó aca ag na teinte cnáimh: Bhiodh an teine ar áit comthrom árd. Bhiodh na cailíni agus na buachailli ag damhsadh agus ag rádh amhrán agus na gasúra ag léimneach thar an teinidh nó ag déanamh pléráca eicínt eile. Táthar ag éirighe neamh-shuimeamhail san gnó seo anois agus ní bhéidh sé i bhfad go mbéidh deireadh leis an nós.

    Lá'l Muire:
    Bíonn aonach mór i mBéal a Mhuithrid an lá sin, agus bíonn plód mór daoine ann. Ní ar thairbhe an aonaigh agus gnó acht ar thairbhe an spoirt. "Lá an Logha" a tugtar ar an lá annseo. Tá leacht nó carnán cloch ar bharr an chnuic i gCnoc a' Logha agius déanann na mná turas go dtí é an lá sin. Deanann go leor eile turas go dtí an tobar beannuighthe atá ag Carn atá ar leith-inis
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheál Mac Thámhais
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)