School: Dubhthuama (roll number 14193)
- Location:
- Dumha Thuama, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Mac Támhais
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhthuama
- XML Page 029
- XML “An Pósadh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus ag ól.
Pósadh caoga bliadhan ó shoin
Chruinnigh cáirdí na mná agus cáirdí an fhir a bhí dul a pósadh i dteach na mna. I leis a sáith a bheith ithe agus ólta aca théidheadh síad go teach an phobail - gach fear ag marcuigheacht ar a lach nó ar a staigín[?] agus cúlóg leis. Nuair a bhíodh siad ag filleadh bhíodh rása aca nuair a thigeadh siad i n-aice baile agus an fear a ghóthuigheadh an rása gheobhadh sé buidéal uisge-beatha mar dhuais.
bainfheis deich mbliadhna fhichead ó shoin. Tuairim deich mbliadhna fhichead ó shoin bhí feabhas tagtha ar an tír. bhí ré na gcarr ar fagháil. Cruinnigheadh na daoine uilig i dteach na mná. Timcheall lár an lae ghabhadh síad go teach an phobail. Ar a bheith pósta dóibh do theidheadh an lánamhain nuadh-phósta agus a gcáirdí ar na carranaibh thart ar fud an cheanntair. bhíodh ceol aca agus amhráin dá rád aca. Thigeadh síad abhaile ar thuitim na hoidhche, bhíodh dinnéar breagh aca-gach uile cineál feóla, agus tae in am féin i rith na h-oidhche. Dá mbeadh an chistineach mór agus sáthach fairsing, bheadh an damhsa sa gcistineach, mar mbeadh bheadh sgioból glanta le hagaidh na hócáide, agus bheadh damhsa agus ceól agus amhránaidheacht ar siubál go breacadh an lae.(continues on next page)- Collector
- Brighid Nic Thámhais
- Gender
- Female
- Informant
- Micheál Mac Thámhais
- Gender
- Male
- Age
- 57
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Dumha Thuama, Co. Mayo