Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 029
- XML “An Pósadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus ag ól.
Pósadh caoga bliadhan ó shoin
Chruinnigh cáirdí na mná agus cáirdí an fhir a bhí dul a pósadh i dteach na mna. I leis a sáith a bheith ithe agus ólta aca théidheadh síad go teach an phobail - gach fear ag marcuigheacht ar a lach nó ar a staigín[?] agus cúlóg leis. Nuair a bhíodh siad ag filleadh bhíodh rása aca nuair a thigeadh siad i n-aice baile agus an fear a ghóthuigheadh an rása gheobhadh sé buidéal uisge-beatha mar dhuais.
bainfheis deich mbliadhna fhichead ó shoin. Tuairim deich mbliadhna fhichead ó shoin bhí feabhas tagtha ar an tír. bhí ré na gcarr ar fagháil. Cruinnigheadh na daoine uilig i dteach na mná. Timcheall lár an lae ghabhadh síad go teach an phobail. Ar a bheith pósta dóibh do theidheadh an lánamhain nuadh-phósta agus a gcáirdí ar na carranaibh thart ar fud an cheanntair. bhíodh ceol aca agus amhráin dá rád aca. Thigeadh síad abhaile ar thuitim na hoidhche, bhíodh dinnéar breagh aca-gach uile cineál feóla, agus tae in am féin i rith na h-oidhche. Dá mbeadh an chistineach mór agus sáthach fairsing, bheadh an damhsa sa gcistineach, mar mbeadh bheadh sgioból glanta le hagaidh na hócáide, agus bheadh damhsa agus ceól agus amhránaidheacht ar siubál go breacadh an lae.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Nic Thámhais
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Micheál Mac Thámhais
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 57
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo