School: Dubhthuama (roll number 14193)

Location:
Dumha Thuama, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Mac Támhais
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 006

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 006

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubhthuama
  2. XML Page 006
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    chaith anuas thú fhéin, mar ní ceart a bheith ag obair indiú mar sé lá'l Peadhair agus Póll é". Do léim Seán anuas, "dean deifear, dean deifear", a Sheáin" arsa Micheál. "Come back for your change arsa mhinistéar leobhtha". Tá sé a rádh go gcuirfidh sé slabhradh orainn arsa Micheál le Seán. Nuair a bhí siad dul siar an corcloch thainic tart mór ar Sheán. Chonnaic sé buidéal i siopa agus dubhairt sé le Micheál a dhul isteach agus an buidéal a cheannach. Chuaidh Michéal isteach, shín sé mhéar go dtí an buidéal agus chuir sé a mhéar suas in a bhéal. Shíl an dochtúir gur doigh-fhiachal a bhí air. Suidh sios ar an gcathaoir, ar seisean agus tharraing sé fiachal ó Mhichéal, agus shín sé a mhéar go dtí an bhidéal araíst agus tharraing sé fiachal eile as. Bhí a dhóthain annsin ag Micheál. Chuaidh sé amach go Sheán. "Cá bhfuil an buidéa;"? arsa Sheán. "Ná trácht an bhuidéal ins an mbaile seo nó ní fhágfaidh sé fiachal in do cheann".
    Chonnaic siad fear marbh taobh an bhóthair. Thainig an gárda agus sheas sé ag anc ar an bhfear. "Who killed the man", ar seisean. "Two fallmore men," arsa Micheál. "You shall be hung", arsa gárda agus dárduigh sé leis go dtí an barracks iad. Nuair a cuireadh faoi ghlas iad thoisigh siad ag labhairt agus ag beichuacht ag iarraigh a dhul amach arís. Bhí siad annsin ar feach cúpla lá gur chualaidh na gárdaí gur gluaisteán a mharbhuigh an fear. Leigeadh amach annsin iad. Ní fheaca Dia ná duine cois chlé ná chois dheis ó'n lá sin amach ins an mbaile mór íad.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní hOistín
    Gender
    Female
    Informant
    Máighréad Ní Gácháin
    Relation
    Unknown
    Gender
    Female
    Age
    82
    Address
    Dumha Thuama, Co. Mayo