Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 006
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chaith anuas thú fhéin, mar ní ceart a bheith ag obair indiú mar sé lá'l Peadhair agus Póll é". Do léim Seán anuas, "dean deifear, dean deifear", a Sheáin" arsa Micheál. "Come back for your change arsa mhinistéar leobhtha". Tá sé a rádh go gcuirfidh sé slabhradh orainn arsa Micheál le Seán. Nuair a bhí siad dul siar an corcloch thainic tart mór ar Sheán. Chonnaic sé buidéal i siopa agus dubhairt sé le Micheál a dhul isteach agus an buidéal a cheannach. Chuaidh Michéal isteach, shín sé mhéar go dtí an buidéal agus chuir sé a mhéar suas in a bhéal. Shíl an dochtúir gur doigh-fhiachal a bhí air. Suidh sios ar an gcathaoir, ar seisean agus tharraing sé fiachal ó Mhichéal, agus shín sé a mhéar go dtí an bhidéal araíst agus tharraing sé fiachal eile as. Bhí a dhóthain annsin ag Micheál. Chuaidh sé amach go Sheán. "Cá bhfuil an buidéa;"? arsa Sheán. "Ná trácht an bhuidéal ins an mbaile seo nó ní fhágfaidh sé fiachal in do cheann". Chonnaic siad fear marbh taobh an bhóthair. Thainig an gárda agus sheas sé ag anc ar an bhfear. "Who killed the man", ar seisean. "Two fallmore men," arsa Micheál. "You shall be hung", arsa gárda agus dárduigh sé leis go dtí an barracks iad. Nuair a cuireadh faoi ghlas iad thoisigh siad ag labhairt agus ag beichuacht ag iarraigh a dhul amach arís. Bhí siad annsin ar feach cúpla lá gur chualaidh na gárdaí gur gluaisteán a mharbhuigh an fear. Leigeadh amach annsin iad. Ní fheaca Dia ná duine cois chlé ná chois dheis ó'n lá sin amach ins an mbaile mór íad.
- Bailitheoir
- Brighid Ní hOistín
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máighréad Ní Gácháin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 82
- Seoladh
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo