School: Baile an Daingin (C.) (roll number 4828)
- Location:
- Ballindine, Co. Mayo
- Teacher: Máire de Staic
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Daingin (C.)
- XML Page 401
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Oidhche amháin bhí beirt bhuachaill ag teacht abhaile ó tórramh. Ar a mbealach bhí roilig agus béigin dóibh a dul tríd. Bhíodar ag siubhal chómh tapaidh is a bféidir leo gan áird acú r aoinne nó ar aon rud agus cad a thárla acht do thuit ceann acú agus a bhéal faoí. Níor stad an dearbhathair ná níor dúbhairt sé cat dubh nó cat bán acht do lean air ag siubhal. uair in a dhiaidh sin bhí an beirt sa mbaile in a leabaidh.
An maidin in a dhiaidh sin bhí an buachaill a thuit san roilig marbh agus bhí an líon tíghe trí'n a chéile agus bhí gach ceann acú ag gol is ag caonadh mar ní raibh súil acú leis an mbás ar chor ar bith. Bhí go maith cuireadh an buachaill, agus lá dá raibh a mháthair in a aonair sa mbaile cé thíocfadh isteach acht a mac marbh. Bhí an mháithair sgannruighthe nuair chonnaic(continues on next page)- Collector
- Brigid Mac Manus
- Gender
- Female
- Age
- 53
- Address
- Cloonmore, Co. Mayo
- Informant
- Mrs Mac Manus
- Gender
- Female
- Age
- 53
- Address
- Cloonmore, Co. Mayo