Scoil: Baile an Daingin (C.) (uimhir rolla 4828)
- Suíomh:
- Baile an Daighin, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire de Staic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Daingin (C.)
- XML Leathanach 401
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Oidhche amháin bhí beirt bhuachaill ag teacht abhaile ó tórramh. Ar a mbealach bhí roilig agus béigin dóibh a dul tríd. Bhíodar ag siubhal chómh tapaidh is a bféidir leo gan áird acú r aoinne nó ar aon rud agus cad a thárla acht do thuit ceann acú agus a bhéal faoí. Níor stad an dearbhathair ná níor dúbhairt sé cat dubh nó cat bán acht do lean air ag siubhal. uair in a dhiaidh sin bhí an beirt sa mbaile in a leabaidh.
An maidin in a dhiaidh sin bhí an buachaill a thuit san roilig marbh agus bhí an líon tíghe trí'n a chéile agus bhí gach ceann acú ag gol is ag caonadh mar ní raibh súil acú leis an mbás ar chor ar bith. Bhí go maith cuireadh an buachaill, agus lá dá raibh a mháthair in a aonair sa mbaile cé thíocfadh isteach acht a mac marbh. Bhí an mháithair sgannruighthe nuair chonnaic(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brigid Mac Manus
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 53
- Seoladh
- Cluain Mór, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Mrs Mac Manus
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 53
- Seoladh
- Cluain Mór, Co. Mhaigh Eo