Imleabhar: CBÉ 0283
- Dáta
- 1928
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)218
an tríomhadh lae iseadh do ráinig leis teacht
go dtí tig an táilliura agus an preabhaire
soláthruighthe aige. Bhí sé dhá míle dhéag ó bhaile
nuair d’aimsigh sé é.
Do bhuail sé an doras isteach chun an táilliusia
agus an preabhaire ar chluais aige. Do bhí
an táilliuir ag obair ar an mbórd agus
nuair do chonnaic sé chúcha iad d’fhiafruing
sé den aodhaire:
"Cá bhfuarais an mionán; a ghabhair?"
"Thóir ar chúil Cabhair" d’fhreagair an ghabhar."
"Mar a raibh beatha maith gabhair" arsan táilliuir.