Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 December 1935
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)dh-
535
trácht thar a’ ngadhar so - "go bhfuil mo ghnó
dianta anocht." Seasaimh sé ar lár - suidh sé
ar a thóin ar lár a’ bhóthair agus do chuadhas-sa
chómh fada is ’fhiadhas é ar chliathán a’ bhóthair
uaidh i níor chuireas ao’ chuir-isteach air
i níor chuir sé orm go dtí me ghabháil thairis
agus d’amhastair sé i ní misde dhuit a rádh
nár fhás aon fhiar fém’ chosaibh-se, go rábhas
a chur díom chómh ghiar is fhiadhas é.
deire fitheáin ssig."
(Tosach fitheáin sgshlaí
Cheapas go raibh sé preabaidhthe orm agus geallaim-se
dhuit nár leog eagla dhómh-sa fiachaint im’ dhiaidh
gur chinngbhíos is a’ t-siúbhal, ach níor ritheas,
ach do shiúbhluíos cómh giar i n-Éirinn agus do bhí sé
im’ dhá chois ag is ró-gheárr gur chualadh é ag
eiríghe suas ó’n nglaise arís ag amhastraig.
"Well," é mise im’ aigue féin, "níl aon fhonn
ort aon díth a dhianamh dómh-sa go h-áirithint
é." Bhailbh sé leis í sin a raibh de chúntas
agam air. Ach is dócha gur gadhar saoghaltha
a b’eadh é, pé sórt é go h-áirithint é, níor
dhin sé aon díth dhómh-sa buídheachas le Dia. Dhin(continues on next page)