Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 December 1935
- Collector
- Locations
On this page
- You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
- 484
(is dócha go bhfuil fhios agat ca bhfuil cnoc Chúm
"Seana) í chomáint annsan suas ar mhullach
a’ cnuic agus do bhíodh trí chiad diag slat sa mbl-
iadhain errthi agus do dhineadar saidhbhreas do’n
mhiúil. Siné agat é: ní leogfadh eagla d’aonn
dul ’n-a goire siúd arú: ní leogfadh aonne-
"ní leogfadh eagla d’aonne - n’fheadradar godé an
saghas í - dul ’n-a goire - gur leis na fairies a
b’eadh í. Seadh!) ach d’fhanadh sí - mairidís tímpal
errthi ’gus - ar shlíghe is gur mairbh na slatha sa
deire í is cailleadh í.
(deire fitheáin sas(a)
CTosach fitheáin sas(a)
Caoilte mac Rónáin agus an bheirt bhan As.
Do bhí duine desna- d’fhearaibh fínn - desna
Fianna, gurbh ainm do Chaoilte Mie Rónáin ag
dó bhí sé ó ’eirigh sé ar maidin go dtí gur
bheir an oidhche air agus bhí beirt de mhná óga
roimis amach agus do bhíodar ró-maith sa chúis
íocht do ag bheir an oidhche air agus - go dtí gur
tháinig sé suas leó agus d’fhiafraigh sé dhíobh cadí
fáth a ngnó - - nó an siúbhail. Dubhradar leis gur(continues on next page)