Imleabhar: CBÉ 0148

Dáta
9 December 1935
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 430

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 430

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    a mháthair," ar sise. "Is fearr an saoghal atá agam agus ná
    bí ag gol mar ataoí," ar sise, "agus táim-se go maith " ar sise, "táim ana-mhaith," ar sise. Agus ghlan sí léi is do ghlan sí léi gur chuaidh sí siar sa Mhainistir agus do lean sí (an mháthair) cos ar chois í - an mhathair-
    go dtí gur chuaidh sí isteach sa Mhainistir uaithi agus do chonnaic sí é seo thíos age - mar a raibh an ulthóir i bhfuirm reithe agus adharca air i ní raibh
    aon phuch ná aonní annsan tímpal ná raibh bailighthe tímpal air, agus d’fhiafraigh sí do’n ainmhídhe cadé an saghas é go raibh na pucha ar fad
    bailighthe tímpal air, is dubhairt sé léi gurb é féinig an t-Athair Donnchadh Ó Teacháin atá churtha annso, "agus táim - tá sé sin mar phrugadóireacht orm
    go dtí go mbeidh an dá Aifreann mharbh d’fhágas gan léigh' léighte agam," ar seisean, "agus téidhir a’ triall ar an Athair Pádraig Ó Conaill," ar seisean "agus abair leis na h-Aifrinntí a léigh', thar mo cheann-sa agus a’ prugadóireacht a thógaint díom", agus do dhin sí é sin agus do tógadh a’ prugadóireacht de
    as san suas. 'Sé an t-é chualadh ’á rádh, Mícheál Ó Clúmháin, Cathair Dómhnall. Ó, ní
    mhaireann! Tá sé cúrtha ar a’ gCómhad-
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Irish
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir