Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 December 1935
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)ar
aí
amh
2a
152
buinnfidh mé Crích Riaghallaig amach." Nuair a
thagadh na buachaillí abhaile do bhídís a’ ’nisint
a’ scéil do Seán ó shúillobháin agus d’fhan a
scial mar sin go dtí amach tímpal na Samhna
agus do bhí muarán buachaillí a’ buinnt phrataí
age Seán Ó Súillobháin thiar ar leacáin,
tamall síos ó’n dtig i pé cat-súl do thug
duine ’ca d’fhiach sé soir agus chonnaic sé chuige
anoir ar ghualainn a’ chnuic an fear muar
go léir. "Nánm an fial, a Dhiarmuid, "fsé,
fiach anoir an t-athach fir?" "Nanm an
diabhach," ó diarmhuid, "rith suas," fhsé, "
’nis do deán go bhfuil a leithéid a’ teacht!
D’imthigh sé suas a rith a b’fheárr a bhí
aige agus bhuinn sé an tig amach ag ’nis sé an
scial do Seán. D’eirigh Seán agus a bhean amach
í chonnacadar a’ gabháil anoir é i ní raibh
aon ungna ach an faidh agus a’ leitheadh a bhí
un. "Nanm an fial," fhsí, "sidé fear luim-
níghe atá a’ teacht féd’ dháin agus socróidh sé
leat!". Níor dhin sí aon t-saghas nidhthe ach
cómhra muar a bhí un go raibh coirce un-
chaith sí amach a’ coirce agus do bhuail sí Seán(continues on next page)