(ar lean ón leathanach roimhe)
194
sin," fhsé, "chun suipéar a thabhairt dómh-sa
oidhche Nodlag Muar." "Seadh ’nois," ga’ sagart,
má thagann sé chúghat ar a’ mbéile atá agat
lé n-ithe anocht, abair leis go mbeinn-se ana-
sásta go bráth dá raghainn led’ chois." "Tá san
gann go leór aige," fhSeán, "thusa leogaint ar
a’ suipéar lém’ chois-se agus is fearr atá sé
tuillte agat ná agam-sa mar is tu bhí ’á
soláthar fliuch fuar amuich dúinn." An chiad
bhéile eile do tháinig sa t-seómra chun Sean
do bhailíodar tímpal ar a’ mbiadh agus do labhair
Sean leis. Seadh ’nois," f Seán, "is mó béile
ithte at annso ’gainn agus tá an t-é tá ’á
bhailiúghadh dhúinn fliuch fuar amuich a ló
i d’oidhche, b’ana-maith leis dul ar a’ suin-
éar lém’ cois-se." Do labhair sé leis aig
sé leis go raibh fáilte aca roimis, agus anois,"
f Sé, "abair leis nuair a thagfaidh sé chúghat,
bheith ollamh agus teacht annso aisteach mar
seómhra agus beidh sibh-se ar a’ suipéar agam-
sa ar a’ dá uair ’iag." Do tháinig a’ sagart
"chun Seán agus do ’nis seán do an scial fé
mar a bhí, agus do tháinig a’ sagart agus do nig sé
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.