Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 December 1935
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)60
do chuaidh sí síos arís ’á aindeóin. Thiomáin sé
an tríomhadh h-uair í go h-áirithe - thug sé a
n-aghaidh ar a’ mbaile arís, agus do raghadh sé go
dtí an baile leis- thabharfadh sé fé, ach ní
raghadh a bhean leis. D’upaigh sí isteach a’
capall i nyard a’ ciapensary an áit go
rabhas-sa im’ chómhnuidhe agus do dhuisig sí
mise agus d’fhanadar annsan go maidin. Ach
d’imíodar abhaile ar maidin dóibh péin. "Geil,
ní thógfainn aon notice de chfeligan’ a thugaidhís
air - leas- ainm, mar is dócha do bhí braon
ólta aige is bhíodh i gcómhnuídhe, agus ana-dhúil
aige ann ar mo nós féinig, ach do ’nis a
’bhean an fhíorainne dhúinn - ní raibh aon deoch
tógtha sí, agus tá a lán soluídí ’á fhiscint
ann riamh ó shoin. Tá - deir siad go bhfuil
páisde óg ’á fhiscint ann anois," ach n’fheaca-sa
é, maladh le dia. Ach tá sé ráidhte go bhfuil
sé ’á fhiscint ’dir a’ soutrein bhross ag ínse
an duibh - tigh Mhíre duinlan. Seadhl an leanbh
atá - má tá sé fhiscint ann, ach n’fheacas
sa é, do chuala scial mar gheall ar a’ leanbh
óg cheana, go bhfeacaidh buachaill de Mhuintir(continues on next page)