Scoil: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg (uimhir rolla 13469)

Suíomh:
Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Liam Seóighe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0090D, Leathanach 17_008

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0090D, Leathanach 17_008

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg
  2. XML Leathanach 17_008
  3. XML “Lucht Siúil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    go ndéanann sé cuid mhaith de'n tír a thaisteal mar bhíonn sgéalta aige i dtaobh gach céard de'n tír - i dtaobh na barraí an aimsear srl. Ní'l duine ar bith ar an mbaile nach gceannuigheann rud éigin uaidh.

    (3)
    Gheibheann sé a chuid earraí i mBaile an Ródhba. Tá sean mála aige déanta as leathar agus é ceangailte go daingean le rópaí cnáib. Bíonn fáilte agus fiche roimh an bhfear seo agus is iomdamhail nuair a thagas sé go bhfuighidh sé lóístín ag an mBreathnach. Is gnáthach nach mbíonn biadh ar bith leis, acht bíonn a chuid tae agus siúcre leis. Ní iarrann sé aon déirc acht amháín go bhfuigheann sé ubh anois agus arís.

    (4)
    Sgaithtí bionn dreamanna móra le chéíle agus bíonn siad a diol asail agus neithí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine de réir aicme
        1. an lucht taistil (~3,023)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Ging
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Mícheál Mac Ging
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann