Scoil: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg (uimhir rolla 13469)
- Suíomh:
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Seóighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Timpeall an áit seo tá laethannta áirithe agus ní dhéanann na daoine aon obair na laethannta sin. Ní dhéanann siad aon cniotáil lá Fhéile Stiofán ná lá Fhéile Bríghid na lá Fhéile Muire na gCoinneal. Ní théigheann siad isteach i dteach nua ach amháin Dia h-Aoine. Deirtear nach ceart a bheith ag déanamh rud ar bith le cré lá Coille agus ní ceart bheith ag iasgaireacht Dómhnach Cingcíse. Fágtar cuid de na síol fataí cuid de'n coirce agus uaireannta cuid den cruithneacht le cur Aoine Céásta. Gearann gach duine a gruaig Aoine Céasta freisin. Nós eile is eadh fataí úir le h-aghaidh an suipéir lá Peadar 's Póil.Caitlín Ní Ging
Doirín Déamh Dheirg
An t-SraighFuair mé seo ó m'athair Micheál Mac Ging
Doirín Déamh Dheirg- Bailitheoir
- Caitlín Ní Ging
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Mícheál Mac Ging
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo