Scoil: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg (uimhir rolla 13469)
- Suíomh:
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Seóighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)raibh aon fataí acú an blian sin chuadhar chuig na daoine a raibh fataí acú agus phiocadar na baológa(?) de na fataí agus chuireadar iad agus ní fhaca aoinne ariamh fataí a bhí comh mór agus cómh deas an Fóghmhar in a dhiaidh sin.
3) Bhí beirt uncail le mo sean-athair 'na gcomhnaidhe i mbothán tráth agus b'eigean dóíbh an áít d'fágáil agus bheatha a sholáthar thar lear. Chuaidh siad ar bhord luinge agus chaitheadar naoi míosa ar an bhfairrge agus faoi dheire shroicheadar New Orleans in America Theas. Níórbh fhéidir leo an teas a sheasamh agus b'éígean dóíbh a saoghal a chaitheamh ag obair fén dtalamh. Bé duine dhá chlainn a fuair an t-ór i Kentucky a bhí ar an duine ba saidhbhre san cheanntar sin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Ging
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo