Scoil: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg (uimhir rolla 13469)
- Suíomh:
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Seóighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Féilí na Bliadhna (48)
An oidhche
roimh lá 'le Stiopháin téigheann na buachaillí
thart ag cuartú gach bunstop ar an
mbaile agus bíonn siad réidh le dul an
bóthar maidin lá 'le Stiopháin. bíonn an
dreolín istigh i mbosca acú agus eidheann
agus cuileann ag cumhdach an bosca. Seo é an
rann a bíos acu:
Dreolín, Dreoilín, rí n-éan,
Is mór é a mhuirighin, is beag é féin
Éirish suas a bhean a tighe, is bain an ghangaid as do chroidhe
is tabhair rud éigin do 'n dreoilín buide.
In
áiteacha eile 'siad na h-ógánaigh a bhíos ag
dul thart leis an dreoilín, bíonn a éadain
daithte acú agus- sean- bhalcaisí de éadaigh ionna
nach mbéadh aithne ag duine ar bith orra.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Ging
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Mícheál Mac Ging
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo