Scoil: Baile an Gharrdha (B.) (uimhir rolla 13210)
- Suíomh:
- Baile an Gharraí, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Tomás Lotrail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Gort an ScológScológ sin feirmeoir. Páirc = gortTá ráth sa baile fearainn seo. Lios mór árd is eadh é. Tá sé réidh lom istigh i lár an leasa agus tá crainn 'na thimcheall. Taobh amuigh de na crannaibh tá dígh doimhm. Ní gearrtar crann riamh ann mar creidtear go mbíonn cómhnuidhe ar na sideóga ann.
Jessfield:Chómhnuigh tighearna talmhan sa cheanntar sin agus "Jessie" ab ainm do. Dubhrathas go raibh earball air agus nuair bhíodh sé ag fiadhach an sionnaigh go mbíodh sparán nó máilín speisialta sa diallait i gcóir an earbaill sin. Do cuireadh Jessie i gCill Cúille.
Sean Chill:Ní uasáidtear an t-ainm sin anois. Tugadh an t-ainm sin ar an áit mar bhí cill nó eaglais ann. Chidhtear a rian ann fé láthair mar atá falla na cille agus sean reilig 'n-a cuirtí leanbhaí neamh bháistighthe.
Polough / PollachTá a lán pollaí sa bhaile fearainn seo agu sin é an fáth go dtugadh an t-ainm "Pollach" air.Tá cupla sorn ann n-a dóghthaí aol. Do chuireadh na feirmeoirí an t-aol ar an talamh cun é do leasú nuair bhíodh an chruithneacht dá fás acú.(leanann ar an chéad leathanach eile)