Scoil: Scoil N. Mocomóg

Suíomh:
An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Macháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 280

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 280

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Mocomóg
  2. XML Leathanach 280
  3. XML “An Chomhla Bhreac”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    i leacha le mnaoí éigin an t-am san. Bhí sé díreach i Mí an Aibreain agus do bhailig sé meitheall i gcóir na móna. Fear goal flaitheamhail a b'eadh é agus do chomeád sé teine mhór 'na tigín i gcóir na mbuachaill a bhí ag dul ag sgoruidheacht i gcómhnuidhe.
    Ní raibh aon chlann in aon chor aige agus dúbhairt sé le a mnaoí agus é ag imtheacht ag baint na móna gan an dinneár a chur cúcha dá mbeadh an lá ag chur fearthainne. Bhí lán sgamall san spéir agus bhí na faoileáin ag screadhadh, agus is dóigh liom bhí fhios aige o'n na cómhairthaí baistighe san san go mbeadh sé ag chur fearthainne. Bhí fhios aige annsan bféidir go dteipfeadh sé air é féin agus a mheitheall an lá do chuir isteach ar an bhportach.
    Bhailis na for seisear no mór-sheisear aca a bhí ann agus chuireadar an cnoc amach díobh agus leanadar gan stad go dtí gur sroiseadar an portach thosnuigheadar ag baint láithreach agus díreach ar a do-dheug a chlag thosnuig sé ag chur fearthainne agus ní fearthainn go dtí é. D'fágadar an portach agus suas leó fé carraig mhóir a bhí i n-aice leó agus a bhí ar thaobh na fothana leis.
    Tar éis tamaillín tháinig ocras ortha go léir mar d'eirigheadar go léir go moch an mhaidean sin agus b'féidir ná ró mhaith a bhí an breicfeast a bhí aca an t-am san. B'fhéidir arsa an duine aca, sé sin an duine a bhí ag baint na móna go n-osclófaidhe an "Cómhla Bhreach" seo agus go [go?] dtabharfaidhe ár ndeinnéaracha chúghainn.
    "Cad é an rud cómhla bhreach", arsa inise leis. Ó ar seisean an charraig atá taobh thuaidh den tig in a bhfuil muinntir Uí h-Arrachtáin in a gcómhnuidhe ar seisean. Tá sgoile san charraig agus oscaileann sé uair i seacht mblíadhna. Tá ceann eile i mBorlín agus ceann nó dó i gCúin na Feola. An bhfeacha tú an cómhla breach ríamh arsa mise leis. Gan dabt do chonnac go minic í agus is féidir liom í a theasbhaint duith anois ar seisean.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán O Macháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Chaolchoill, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Dónal Ó Costigáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Leaca Riabhach, Co. Chorcaí