Scoil: Scoil N. Mocomóg

Suíomh:
An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Macháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 258

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 258

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Mocomóg
  2. XML Leathanach 258
  3. XML “Scéal Púcaí na nDeachmaí”
  4. XML (gan teideal)
  5. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí treab in a gcómhnuidhe de muinntir Deachmuí i gcrois Sheáin Uí Mhuirthille i Meall-an-mhanaig agus "togstar" do b'eadh íad. Do bheadh sé ag reach i gCorchaigh agus do bhí capall bán aige, taobh leis do bheadh ar féaracht ar cnochán. Oidhche dá raibh sé féin agus a bhean in a gcodhladh do ghlaodhach guth éigin thíar air á rádh go raibh a chapall dá bháid sa poll a bhí sa mhaigh a bhí taobh leis.
    Ní chuir sé aon tsuim leis, chun go dtáinig an guth an tarna uair. Annsan dubhairt sé le na mnaoi go n-eireóchadh sé, agus dubhairt sí go n-eireóchadh sí féin cómh maith. D'eirig an bheirt agus ní raibh taisc ná tuairsc ann de'n té a dhúisigh íad. D'imhthigh sé go dtí an "togha na boga" agus do bhí an capall 'á bháid ann. Do chnuasach sé conghnamh agus do tháirr se o'n mhaigh é, agus ni raibh fhios aige cé ghlaodhach air. Dubhairt daoine gur o'n saoghal eile a tháinig an guth san.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    2. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
  2. (gan teideal)

    Do chodhlas féin i ngleann...

    Do chodhlas féin i ngleann
    'S do fada liom a bhíos ann
    Bhí bean a tighe ag casmirt bhraon
    'S í ag gasgaint ar a clann
    Piopa ní glacfadh uaim
    Sníos is tobach fuar,
    Ach dá guide go pras an sion a stad,
    Agus an oidhche tamall uaim.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    2. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge